general280 wordsRead on Arc Codex

'The Milkman': How an Irish 'gentleman gangster' built a global drugs empire

Stair BhĂ©al Feirste: ‘Stair a mhĂșnlaigh mo mhuintir’ - SĂ©amus Ó Tuama Tar Ă©is bĂĄs a athar, gheall SĂ©amus Ó Tuama go gcrĂ­ochnĂłdh sĂ© fĂ©in an leabhar a bhĂ­ tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair BhĂ©al Feirste atĂĄ ann Ăł pheirspictĂ­ocht phoblachtĂĄnach, le scĂ©al muintir UĂ­ Thuama fĂ©in agus an t-eispĂ©ireas a bhĂ­ acu fĂ©in fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach fĂ©in. Leanann an leabhar turas na clainne, Ăł fhear Ăłg CorcaĂ­och a bhog Ăł thuaidh i ndiaidh an Ghorta MhĂłir, trĂ­d na pogroms le linn na 1920Ă­dĂ­, agus na TrioblĂłidĂ­ a lean, go dtĂ­ SĂ©amus agus a hathair Diarmuid agus an rĂłl a bhĂ­ acu i rĂ©abhlĂłid na Gaeilge sa chathair. BhĂ­ an-aithne ag Gaeil BhĂ©al Feirste ar mhuintir UĂ­ Thuama, go hĂĄirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phrĂ­omhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chĂ©ad scoil lĂĄn-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraĂ­onn SĂ©amus Ó Tuama faoina leabhar Ășr ‘BĂ©al Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhĂșnlaigh a mhuintir. CĂ© gur scĂ©al Ă© atĂĄ lĂĄn de choimhlint agus de thrĂĄma thar na glĂșnta, feiceann SĂ©amus toradh dearfach sa lĂĄ atĂĄ inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultĂșrtha agus teanga atĂĄ ag blĂĄthĂș i mBĂ©al Feirste. FoclĂłir: DornĂĄn de phĂĄistĂ­: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work TiomsĂș airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhĂĄg sĂ© a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt FrĂ©amhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhĂ­leata: Military archives CrĂ­ochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive SaorstĂĄt: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap SuirbhĂ© le haghaidh deis dearbhĂĄn 500 euro One4All a bhuachaint: TĂ©igh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cĂłd ‘POD’ isteach.

How it works

Once you click Generate, Ollama reads this article and crafts 5 comprehension questions. Your answers are graded against the article content — general knowledge won't be enough. Score 70+ to count toward your certificate.

Questions are cached — you'll always get the same 5 for this article.